Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Teach beag ceann thuigheadh a bí ann. Cnag síad ar an doras agus dfosgail cailín iongantach doigeamhail é. “An dtiocfadh léat loistín a tabhairt duinn go maidin” arsa Fionn Mac Cumall. “Cuaidh muid ar seachran agus tá muid fliuch baidhte”. “Caitfidh tú fiafruigh de fear a toighe, súar udaí" sa coirneal arsá sise” “Dtiocfad linn loistín a fhaghail annseo go maidin” ar’s Fionn Mac Cumall. “Thig libh” arsa an seanduine “taraigidh isteach”. Táinig an triur laoch isteach agus d’fag a gcuid gunnai tall i dtaobh an tighe i suidh síad cois teineadh. “Bfuil dochar fiafruigh c’ainm no [caslomne?] sibh arsa an seanduine. “Nil”, dochar ar bíth” arsa Goll, “Mise Goll Mac Moirne an fear is láidre ar an domhan. Seó Fionn Mac Cumaill an dara fear is laidre ar an doman agus seo Oisín Mac Fhionn an triomadh fear is laidre ar an doman”. “Teidhim” arsa an seanduine. Bhal, bí peata úain na luighe go modamhail macantá i dtarbh an toighe, leim sé aníos agus toisigh sé gha bualadh na madadh. “Gabh síos”, arsa an seanduine le Oisin “agus ceangal an t-uan sin”.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aindreas Ua Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ua Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall