Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 368
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)óltar é, agus i n-ámannaí cuimiltear é ar an báll nimhneach.
An uile uair a ndeantar turas, fágtar rud éiginteacht ag an tobar. Corr-uair fágtar áirgead ann nó ceanglaidhtear píosái de lása nó de eadach ar na toim. Ar an áltóir bheag in-aice an tobar tá cloch cruinn tórlach ar dhoimhneacht agus deirtear gur amharc Colmcille fríd an clóch sin agus gur bheannuigh sé an áit thart fa dtaobh de, a dtiocfadh leis a fheiceail fríd an clóch sin. Deirtear fósta gurabh é sin cloch a gcuirseadh na mánaigh coinneáil in a seasamh ann, agus go rabh beirt acu ann acht nach bhfuil an ceann éile le fághail anois. An uile dhuine a mbíonn droch radharc aige, amharcann sé fríd an póll ‘san clóic seo, nuair a gnidheann sé an turas. Tá clóch mhór éile ann fósta sa tálamh, le do dhruim a chuimilt air do’n déideadh agus cúpla ceann éile. Gidh go bhfuil an tobar suidhte i lár páirce, níor chuir duine ar bith cosg leis an turas, acht i bhfad ó shóin, tigeadh daoine i bhfad ar shiubail go dtí an áit seo leis an turas a dheanamh. Thogadh siad Longphuirt agus d’fánfad siad annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Ghállochobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall