Scoil: Leitir Fhada
- Suíomh:
- Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Fhada
- XML Leathanach 369
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar feadh i bhfád. Bhéadh uisge beatha léobhtha agus nuair a ráchfadh siad ar meisge, bhiod siad ag troid agus ag cíasail agus de bhrigh sin, níor tugadh cead do dhuine ar bith a dhul ann ar feadh támaill. Acht coinnigh muinntear na h-áite an sean-nós i dtólamh agus tá sé acu anois, go díreach mar bhí fád ó.
Creafóg Dhíseart :- Cha mbheadh sé ceart agam deireadh a chur leis seo gan trácht ar “Creafóig Dhisirt” a bhfuil de bhuaidh aici an ruaig a cur ar luchógaí Fránncacha is Cuma ca h-áite iad, nó cómh líonmar ar bith iad. Is iomdha sin duine a bhíodh ar lorg na créafóige seo agus is iomdha duine a bhí buidheach beannachtach de thairbhe mar dhíbear sé an drong mhálluighthe sin a bhfuil fuath agus gráin ag achán dhuine órthú.- Bailitheoir
- Maighread Ní Ghállochobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Disert, Co. Dhún na nGall