Scoil: Leitir Fhada

Suíomh:
Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 384

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 384

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Fhada
  2. XML Leathanach 384
  3. XML “Béaloideas - Díseart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí droch tighthe ag na daoine an t-ám sin. Ní rabh chláraí ar bith acu le dóirse a dheanamh, agus b’éigean daobhta toin síleoige dubha a cheangailt, agus a cur sa dórais léis na mádaidh míre a congbhailt amach.
    Tá muid chinéal uaigneach anois nuair nach bhfuil póitín ar bith ghá dheanamh ins na sléibhte. Ins an t-sean am bhí tóit le feiceáil ag bánughadh an lae, as naoi no deich de scilleanna, ar obair ag deanamh póitín. Bhí stil ar obair ar an Clóchar, bhí ceann éile ar obair i Mín a Gíuis, ag Carraig a’Háta. Ag Ált na gCápall i gcúl Mín a’ Gíuise. Ag Carraig na mBróc ar an Díseart. Sa t-Srútan Buidhe i dTaobhmín. Ag Cárraig na bPréataí ar taobh an Charn. Ag Ard na Bhruithéog i n-Díseart. Bhí an Rí-stilleóir ag obair ag an Árd Reamhar lamh leis an Srúthan Dubh i gClochmhín.
    Nuair a bhíodh an fhear seo ag deanamh póitín, bheireadh sé an céad deor a thiocfadh thart, do na sidhéogha, agus sé an dóigh a bheireadh sé daobhtha é, na é a chaitheamh i n-éadan an bhainc. Mar sin de ní bhfuair na gárdaí greim air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Ghallochobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Fíogaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Disert, Co. Dhún na nGall