Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Comhairle an Duine Aosta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sin an talamh a oibriú agus gheobhaidh sibh an taiscidh lá éinteact ar a' dóigh sin agus béidh mur saidhbhreas déanta go bráth, ach caithfidh sibh fhéin coinneáilt i gcionn a chéile agus oibriú as an láimh amháin.
    Nuair a chualaidh na fir óga seo, bhí díbhirce mór ortha a ghbháil i gcionn oibre.
    D'obair siad go dlúsamhail ó lá go lá níos mó. Roimh a mórán bliadhanta ní rabh an fhoid talamh ná seilbh nach rabh tionntuighthe aca agus iad ag dúil go cruaidh leis an dtaisce a cuir ar fad.
    D'obair siad leo amháin ó bhliadhan go bliadhan ag baineadh amach bárrthaí móra. Cuireadh siad 'un mhargaidh an méid nach mbéadh a díoghbháil ortha fhéin dó.
    Dhíoladh siad é agus leagadh siad thart an uille phiginn de'n luach. Bhí an sparán a' méadú i n-áit bheith a' laighdiú. Aréir mar a bhí siad ag cruinniú bhí siad ag éirigh sanntach. Bhí siad ag oibriú ní ba dhícheallaigh achan bhliadhan. a rabh ag teacht.
    Bhí siad ag leagaint thart níos mo airgid. D'oibir siad go dtug an aois ortha stad ach bhí an saidhbhris déanta aca an uair sin. Fuair siad an saidhbhris 'san talamh mar a dubhairt an t-athair leo agus sin ó chugaibh anois "Cómhairle an duine aosta."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionsus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Dúbinn, Co. Dhún na nGall