Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 108
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Grúagach a' Ghaire do rabh sgéal úr ar bith leis. Dubhairt Síogaidhe nach rabh. "Is fearr mise nó thú mar sin, " déir Grúagach, "or tá sgéal úr agam." Níl 'n oidhche ó tháinig mise annseo nar mhothaigh mé ceithre garaí ó cúairt na fathannaí agus anocht níor mhothuigh mé ach triúr.
“Dá mbéadh dadaidh eile a’ tabhairt buadhartha duit”, deir Síogaidhe, “ní ar gairí me ar caointí bheithfeá a smaotughach”.
Bhí biseach maith ins an bainne an oidhche sin ag na ba. Fuair Síogaidhe a shuipear annsin. Cárta leánna agus builbhín pinghinn agus croiceann an sean gearrain bán le luighe air.
Ma ba lúaithe d’éirigh an lá cinnte ba lúaithe na sin d’éirigh grúagach a’ gaire. Bhuail sé buille trom cos ar Síogaidhe agus d’iarr sé air bheith amuigh le na chuid ba. D’éirigh Síogaidhe agus fuair sé a bhricfeasta, agus d’inthigh sé le na chuid ba. Ní thearn sé ach an geata a fhosgladh agus iad a chuir isteach go páirc na fathannaí go díreach mar rinne sé an cead lá. Chuaidh sé fhéin suas I gcrann bréagh ubhalaí a bhí ann, agus thosaigh sé ag ithe an chuid a bfhearr aca agus a cathadh anuas an chuid eile fhad leis na ba. Níor bhfada a bhí go dtí gur mhothuigh sé toim da strocadh agus crainn da reabadh agus go dtáinig chuige fathach mór na gcúig gcinn, na gcúig muinéail agus na gcúig meall.
“Ó, maise míle maire fan ortsa”. Síogaidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall