Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 118
- XML “Scéal Dhonnchaidh Mhóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deor os cionn a leabtha agus nach dthiocfadh leis dían a chuir ann.
Bhí sé ins na toighthe ceadhna ag teacht aris dó agus seo an rud a d’innis sé dobhtha.
Dubhairt sé le fear a’ toighe gur sin deor dílleachta agus gur ba sin an t-adhbhar nach dtiocfadh leis dían a dheánadh dó. Dubhairt sé leis an bhean a rabh an nígheanacha agus aicí gur shíl sise barraidheachta da cuid nígheanacha agus nar shíl duine ar bith eile dadaí dobhtha.
Dubhairt sé leithe gur sin ar t-adhbhar nar posadh iad.
D’fhiafruigh bean a’ toighe do annsin cad thuige a bhfuair a athair lá olc da chuir agus a mhathair lá maith. Dubhairt sé léithe gur sin an méid a bhí le fághail ag a mháthair lá maith da chuir, agus dúbhairt sé an méid peacaigh a bhí ar a athair gur sgafadh ar lucht a’ torraidh iad an lá bhithear da chuir.
Ní theadhaidh bean Donnchaidh Mhóir ‘un na bhflaitheas ar chor ar bith ‘s bhí Donnchadh ag fanacht uirthí I d-tholamh.
D’iarr Donnchadh ar Dia í a leigint isteach. Dubhairt Dia leis nach dtiocfadh leis sin a dheánadh mar leigeadh sé isteach dáll í or gur be an mionna a bhí aicí gan éisean a fheiceal a choidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighreadh Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig A Beirne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Mhín Bhog, Co. Dhún na nGall