Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Scéal Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhfacaidh sé ag tarraing air triúr fear. Nuair a tháinig siad fhad cainnte le na chéile bheannuigh Aodh daobhtha mar d’iarradh air. Thosuigh siad a’ cainnt annsin fá gnaithe an chaislean Seo an rud a d’iarr siad air a dheánadh. “Tabhair leat ceithre clocha agus fág amuigh iad anocht áit eighinteacht comhgarach d’ón áit a bhfuil dúil agat an caislean a dheánadh. Ag éirigh na gréine amharach béidh siad na ceithre clocha coirneal ins an áit a bhfuil ceaduighthe agat-sa an caislean a deánadh. Tháinig Aodh Ó’Domhnaill abhaile agus rinne sé mar d’iarraidh air. Maidin lathar-na-mharach fuair sé na clocha coirneal an áit a bhfuil an caislean le feiceal go fóill. Cruinnigh sé an méid saoirtí a bhí le fághail agus thosuigh siad ar an obair.
    An méid nach mbéadh deánta ins an lá bhéadh sé deánta ins an oidhche. Chuaidh an obair ar aghaidh mar oidhche agus lá. Bhíodh dar ag obair ann lá amháin agus tháinig chucu donan fir ar lorg oibre. Thug siad obair do agus a’ magadh air a bhí siad nuair a rinne siad sin or bhí an barramhail aca nach dtiocfadh leis aon scort a deánadh. Níor bhfada bhí sé ann go rabh fhios aca gur sin an fear a dtiocfadh leis an obair a dheánadh. Obair ar bith measardha contrailte a bhí le dheánadh aca caithfheadh siad sgairteadh air le na dheánadh. Bhíodh sé ann ar maidin roimhe an chuid eile I dtolamh ach ní rabh fhios aca ca dtáinig sé as. Bhí sé ag teacht agus ag imtheacht mar sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Aodh Rua Ó Dónaill (~5)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionsus A Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dúbinn, Co. Dhún na nGall