Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí Fionn Mac Cumhail amuigh ag seilg ag Teamhair na Rioghtha. Casadh fear air a dtugadh siad an Dearg Mór air. Bhí cú leis a dtugadh siad ainm Bran air. Fuair an cú seo buaidh seilg air ariamh agus ní rabh le deánadh ag Fionn ach é a chur abhaile le sgéal dá mbéadh sé I gcruachas. An lá seo a chasadh Dearg Mór air bhí sé I gcruachas. Or bhí Dearg Mór I gheal é a mharbha. D’imithigh an cú agus níar stad sé go rabh sé ag an doras ag caislean na Feinne, agus sgairt ag an doras go gear. Bhí Gol mas Morna na shuidhe istuigh agus d’éirigh sé ór Saithin sé go rabh Fionn I gcruadhchas. Tharraing sé air a culaidh cruaidh cogaidh, le na leiní fhada ghuin, le na hata craoibhe craobha. Móran den óir buidhe sgriobha I n-árd leinidhc, gur be a bhí sgríobhcha ar lorg a sgeachain, fear bán na méala, fear a fathach chathaidh a léanadh long a a ndeichneabhair agus a chuirfeadh long aon duine isteach go doras na bruighthe. Throid sé fhéin agus Dearg Mór ar feadh naoí n-oidhche agus naoí lá agus ins an deireadh fuair Goll buaidh ar Dearg Mór.
Deireadh.- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80