Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí Fionn Mac Cumhail amuigh a’ seilg agus casadh cailleach na gcearc dó. D’ fhiafruigh sí do Fhionn mbéadh cluiche aige, agus dubhairt Fionn nach rabh lá ariamh nac mbéadh. D’imir siad an cluiche agus cuir Fionn an cluiche uirthí. “Beir do breith anois, a Fhionn,” deir cailleach na gcearc. “Tá mé I n-am go leor,” deir Fionn. D’imir siad cluiche eile agus chuir cailleach an cluiche ar Fhionn. “Beir thusa do breith anois a chailligh,” ars Fionn. “Cuairim thusa faoi gheasa”, ars an cailleach, “agus faoi sláta druimed”. Bain do cheann agus do chosa agus do choimhead beatha fhéin daodsa (díotsa) mar dtugaidh tú an seoirme ceann an tairbh mhóir atá ina chodladh ins an domhain thoir. Cuirimse faoi (cleas ceadna duithe) deir Fionn, gabhail suas ar mullach an t-sean bhalla agus do aghaidh ar gaoith uaidh to ban muan. Breigheann an taobh daod (díot) agus rinne (punann) an choirce ar an taobh eile agus gan a dhath le h-íthe aicí go dtaradh seisean arais ach an méid a rachadh fríd cró suadadae. Nuair a fuair Fionn réidh d’imthigh sé a’ tharraing ar an domhain thoir. “Tóg thusa díom”, deir sí, “agus tógfhaidh mise daod”. Mo dhona agus mo dhorn ort, a sean calleach pisreoga, ma gnidhim”. D’imthigh Fionn annsin ag tarraing ar an domhain thoir agus shiubhal sé go dtáinig sé go beanna na fairrge. Annsin ní rabh fhios aige caidé bhí le deanadh aige na ní rabh long no bád le faghail ann.
D’amharc sé síos agus connaic sé fear beag síos I n-iochtar a dtugadh siad “Troightha go leith fhear” air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Faisnéiseoir
- Seán a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall