Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 175
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ina chomhnuidhe shíos annseo i Loch fad seall maith bliadhanta ó shoin a rabh Tomas Ó Maor mar ainm air. Bhí sé na oibridhe ana mhaith agus ba gráth leis bheith ar a chois go luath ar maidin i dtolamh.”
Bhí fear ina chomhnuidhe shíos annseo I Loch Fad seall maith bliadhanta ó shoin a rabh Tomas Ó’Maor mar ainm air. Bhí sé na oibridhe ana mhaith agus ba gráth leis bheith ar a chois go luath ar maidin I dtolamh.
D’éirigh sé maidin amháin samhraidh go h-an luath. Am sluaistreadh no préataí a bhí ann agus bhí aige le gabhail fhád le gréasuidhe a bhí na chomhnuidhe ar an Fearthainn a rabh Tam Beag mar ainm air.
Bhí leab mór caorain aige le gabhail fríd agus bhí sé ag gabhail treasna an caorain seo nuair a bhí an ghrian ag éirigh.
Chonnaic sé tais agus teas fear a bhí aithne go maith aige ar an t-saoghall seo or bhí sé ina comradaigh aige fhéin lá da shaogall
Labhair sé leis agus d’fhiafruigh sé de rabh aon seort o’ tabhairt buadhartha do. Labhair an tais leis agus d’iarr sé air gan eagla a bheith air or nach ndeánfadh seisean dochar do mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann