Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 185
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ina chomhnuidhe ar Ailt a t-Sneachta a bParoiste Glenn Fhinne 7 de clainn Mac Fionnlaigh a b'eadh é. Bhí muirghin mór a chlann aige.”
Bhí fear ina chomhnuidhe ar Ailt a t-Sneachta a bParoiste Glenn Fhinne agus de clainn Mac Fionnlaigh a b’eadh é. Bhí muirghin mór a chlann aige. Bhí páiste amháin ann agus bhí ana méid ann agus níor shiubhal sé an coisceim go dtí go rabh sé seacht mbliadhna d’aois. Sul a rabh sé bliadhan amháin d’aois bhí sé comh mór trom is nach rabh a mathair innibh a eileamh. Rinne siad leabaidh do le cochan ag taobh an toighe agus bhí siad da cothadh le spanóg.
Nuair a bhí se seacht mbliadhna d’aois bhí sé comh fada leis an ceisthinigh. Bhí lá amháin agus bhí a athair a’ teacht isteach le cliabh mónadh agus tháinig sé ar eadan a chos agus tuit sé le cliabh na mónadh isteach ins an teach. Glach an t-athair fearg nuair a thuit sé or gearradh é. D’iarr sé ar an fear a bhí na luighe éirighe amach as sin agus gabhail agus a chuid a saothrughadh or nach rabh siad san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20