Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 187
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ina chomhnuidhe ar Ailt a t-Sneachta a bParoiste Glenn Fhinne 7 de clainn Mac Fionnlaigh a b'eadh é. Bhí muirghin mór a chlann aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a trí mac agus barra da láimh leobhtha agus thug siad an croch iarrain ‘un toighe. Bheir sé ar an croch iarrain agus thosaigh sé a bualadh ar a dhá glúin go dtí gur bhuail sé dho cionn an croch iarrain ar an talamh. Thionntuigh sé an croch iarrain annsin agus d’éirigh sé é go dtí go rabh sé comh direach is bhí sé an chead uair.
“Dheánfhaidh sé seo gnaithe damh”, deir sé. “Bail”, deir sé, “anois tugaigidh damh rud eighinteacht a iomparas an bealach mé”.
Teaghlach bocht a bhí innta agus ní rabh móran airgid ag an athair ach thug sé dhá punta dó. D’imthigh sé leis ‘un na bhealuigh annsin é fhéin agus a bhata leis. Nuair a bhí sé a’ gabhail thart ag an droicead úr ag toigh P.O Baoghaill bhí teach osta ag P.O B. smaoitigh sé go rabh sé sona ag duine deach a bheith aige nuair a bheadh sé ag imteacht ‘un na bealaigh.
Sheas sé amuigh ar an bealach mór agus chuir sé a cheann isteach go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20