Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 198
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ina chomhnuidhe ar Ailt a t-Sneachta a bParoiste Glenn Fhinne 7 de clainn Mac Fionnlaigh a b'eadh é. Bhí muirghin mór a chlann aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)seisreach. Léim Mac Fionnlaigh ar a dhruim. Thosuigh sé anoir agus soir a strocadh fríd an mhollan. Nuair a bhí an mollan treabhte aici ní ba daibhne na treabhadh talamh iriamh b’éigin dí seasamh or saruigh uirthigh greim a fhaghail ar Mac Fionnlaigh. Tioman sé leis í ann-sin ag tarraing ar toigh a maigistear mar bhéadh beath gearran ann.
Nuair a chonnaiceas a’ teacht é chuaidh an méid fir agus mná a bhí fá’n teach I luighe ach amáin an maighistear.
Chuaidh sé amach agus sgairt sé leis an beadh millteanach sin an leigint ar shiubhal agus gan í a thabhairt fá’n teach. Thionntuigh sé airis an pheiste mór agus leig sé ar shiubhal ‘un na fairrge í, agus tháinig sé fhéin ‘un toigh. Nuair a chuaidh sé a luighe d’imthigh an maighistear fhad le cailleach na gcearc agus d’innis sé dí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus A Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20