Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an rud a chonnaic mac na baintreabhuighe ag deánamh imnighe dó, agus bhí fhios aige nach bhfuigheadh sé suaimhneas intinne a choidhche go dtí go leigfeadh sé a rún le neach éigin.
Bhí sé ag cailleadh codhladh na h-oidhche dá thairbhe, agus aon lá amhain casadh fear beag ribeach ruagh air.
"Tá buadhartha do intinn ort," ar seisean, "agus ní bhfuigh tú biseach go dtí go n-innseochaidh tú é."
"B[h]al, sin rud nach bhfuil cead agam-sa innse do dhuine ar bith," arsa mac na baintreabhuighe.
"Sin thíos crann," arsa seisean, "agus gabh fhad leis agus deán do ghearan leis."
Ní rabh an crann i bhfad ar siubhal agus rinne mac na baintreabhuighe mar h-iarraidh air. Shiubhail sé go bun an chruinn agus thoisigh sé ag cogarnaigh leis.
"Dhá chluais chapaill ar Luibhir Ó'Luirc,
Dhá chluais chapaill ar Luibhir Ó'Luirc."
Nuair a fuair sé an lód sin de na intinn phill sé na bhaile bréagh sasta leis fhéin.
Chuaidh achan rud ar aghaidh go maith go dtí go dteachaidh muintear na h-aite a chuairteadh adhbhar fidile.
Tháinig siad fhad leis an chrann seo agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall