Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 97
- XML “Scéal Fhionnbhráid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chun an domhan fhéin agus a bhainfeas luibh na draoidheachta atá ag fás i gcroidhe lár sealán do leachtar na ríog, agus a bhéas arais indiaidh an turas a chríochnú i gceithre h-uaire fichid agus a bhearfeas domh-sa in mo láimh í, agus is iomdha gaisgaidheach lúthgharach a shéol ar siubhal sa bháid sin shíos ag tarraingt ar an domhan thoir agus nuair a phill sé arais le na sgéala fhéin agus na sgéala fir eile, agus nach bhfuil fhios ag neach ‘a mhaireann caidé is íde d’aon fhear aca ó’n lá sin go dtí lá indiu, agus is leor a bhfuil caillte agus i bhfathach liom-sa agus nuair atá breith ar d’aireachas. Tabhair d’aghaidh ar do leas agus do chúl le d’aimhleas agus bain do shaoghal fhéin amach.
Is Cuma cé chuaidh nó cé nach dteachaidh, rachaidh mise an iarraidh seo cé bith.
Le bánadh an lae lá thar an bharach chuaidh sé go dtí an áit a rabh an bád feisthighthe.
Sgaol sé an sreang a bí ag ceangmhail agus nuair a thóg sé a cheann tchí sé cailín beag na seasamh idir é fhéin agus an bád.
Bhí sí amuigh is istigh ar sé h-órlaigh an uirde. Bhí culaith ghlás uirthí ó mhullach a cheann go barr a bróige, agus slat gheal leithe ‘na láimh. “Ca bhfuil do thriall a mhic a righe” ar sise. “Tá mé ag dul ‘un domhan thoir a bhaint luibh na draoidheachtha”, ar seisan.
“Ní féidir leat buaidh a fhághail ar bean críonna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus Ó Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall