Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 20](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1040%2FCBES_1040_20.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 20
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Shíl mé go rabh tú marbh" arsa seisean le Taidhghin, "agus cá bhfuair tú na súile agus an t-airgead"?
Mise atá saidhbhir agus tusa atá bocht anois arsa Taidhghín. Thug cailín deas óg an t-ór agus an t-airgead domh, agus fuair mé mó shúile gan chuideadh ar bith ó dhuine ar bith. "Muise an abrann tú liom é"? arsa Tadhg. "Seadh, bhain amach mó shúile-sa, agus cait isteach 'san chill mé fósta". Dó bhain sé na súile as Tadhg, agus chaith sé isteach ins an t-sean-chill é, agus d'imthigh sé fhéin leis abhaile ag gáiridhe.
Bá ghoirid go dtáinig na cait airíst. Bhí an sean-chat ina measg. "A chait" arsa seisean, "níor chuartuigh sibh an t-seomra i gceart indé. Cuartuigidh go maith anois é". Chuartuigh siad an t-seomra, agus fuair siad Tadhg faoi'n chlár. Tharraing siad amach é agus thoisig siad dá sgríobadh agus dá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Lúdhóg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Léim an Ghabhra, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall Ó Lúdhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Léim an Ghabhra, Co. Dhún na nGall