Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 9](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1043%2FCBES_1043_009.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 9
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 9
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)D’osgal sé an tríomhadh dóras agus chonnaic sé an tríomhadh bean ‘na suidhe i gcáthaoir airgid ag cíoradh a cinn. Thuit sise a luige fosta nuair a chonnaic sí an t-amadán. Nuair a tháinig sí as d’iarraidh an t-amadán díthe an rabh fhios aicí dada a chuireadh na triúir fáthach ‘un báis. “Bhel” ars sise “tá túath an mhór annsin acht creidim nach dtig leatsa é a thógail tá sé comh trom sin”. Chuaidh an t-amadán go dtí áit a rabh an túath agus béir sé air go féaramhail. “Anois” ars sise “caithfidh tú druim gach fáthach a sgoilteadh le buille amháin. Chuaidh an t-amadán go dtí áit a rabh na triúir fáthach ‘na gcodladh. An chéad bhuille a bhuail sé bhí druim fáthach sgoiltigh aige. Níor stad sé go rabh na triúir marbh aige. Annsin d’fhág sé an túath uaidh.
Chuaidh sé isteach sa chéad seomra agus thug se amach an chéad bhean. Cheangal sé an rópa gaoi na dhá aisgil agus bhuail sé an chlog. Bhí an gábha dubh agus dhá dhearbhrathair an amadán ar brúach i dtólamh tharraing siad an cailín go talamh uachtarach. Annsin thoisigh dhá (dri) dhearbhrathair an amadán a throid fá dtaobh díthe. “’Nois ‘nois” ars an gábha dubh “stád aighidh don troid sin síos leis an rópa arais”.
Chuir siad sios an ropa arais. Thug an t-amadán an dára bean amach. Cheangal sé an rópa faoi na dhá aisgil agus bhuail sé an clog. Tharraing na fir eile í go talamh uachtarach. Acht ní troid ariamh é go dtí bhfacaidh siad an cailín seo. “’Nois’ nois ars an gábha dubh” stad aighidh do’n troid síos leis a’ rópa arais”. Chuir siad síos an rópa.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Bhriartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Gáibhtheacháin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60