Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 110
- XML “Scéal na Casóige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé daobhtha gabhail ’na coilleadh. Dubhairt siad nach rachadh. “Rachaidh mé féin libh,” arsa an t-athair, “go bhfeicidh mé caidé tá ag bobaireacht oraibh.” Chuaidh an t-athair leobhtha agus an bomaite chuaidh siad ’na coilleadh bhí an t-éan roimpu. Ar thoradh moille fuair siad greim air ag bun crainn. Thainig siad abhaile go luthgháireach is chuir isteach faoi bheal ghugáin é go maidin.
Ar maidin lá thar na bhárach bhí uibh beirthe ag an éan agus scriobhadh galánta ar a taobh. Ní raibh dadaidh léighion ag an ghreásuidhe nó ag na dhá mhac. Thug na gasuraí an t-éan agus an uibh na bhaile mhór go bhfeicead siad a’ bhfuighead siad díolta iad. Tharla isteach go tcigh Mhéire a’Bhaile Mhóir iad. Thaisbeán siad an t-éan agus an uibh dó. Nuair d’amharc an Méire ar an uibh sé an scríobhadh a bhí oirthí, “An té d’iosfadh croidhe an éan go bhfuighead sé sparán óir faoi na cionn ach aon mhaidin nuair a mhusclothad sé.”
Thug an Méire siafruigh airgid dóbhtha. Shuidh an bheirt cois an teineadh toigh Mhéire. D’orduigh Méire croidhe an éin a bhruitheadh agus a thabhairt dó.
Thoisigh an cócaire a chócaireacht croidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Nic Bhriartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mhac m Briartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor adhmaid (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall