School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 181
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
- XML “Scéal fá Chonall an Chró Bháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)san oidhche chonnaic siad an triúr ag teacht. Leig siad daobhtha go rabh siad ag gabhail i gcionn na h-oibre a leagaint. Chuaidh na fir 'un tosaigh annsin agus chan
na focla a d'iarr an tseanduine ortha. Thionntaigh an triúr annsin agus níor labhair siad focal ach d'imigh. Annsin chuaidh na h-oibridheannaí ar aghiadh leis
an obair lá thar na bhárach agus rinne an caisleán gan dadaidh baint daobhtha. Tá caisleán Uí Dhomhnaill i nDún na nGall ón la sin go dtí an lá indiú. - Sceal fá Chonaill a' Cró BháinTá seal fada ó shoin bhí fear i n-a chomhnuidhe sa Chnó Bhán(Teileann) a dtugtaoi Conall Ó Beirn
air agus bhí teach déanadh poitín aige i mBun Ailt a Mhaolagáin. Oidhche amháin bhí siad a ghabhail a rachaidh titáin[?]. Nuair a bhí an still ar an teinidh chuaidh a chomráduidhe abhaile ar scór theacht arais nuair a bhéadh an still te. Chuaidh an oidhche
'un doineanntachta agus un leaththromachta agus diúltaigh
a chomráduidhe theacht. Anonn go maith san oidhche mhothuigh sé taistealich [?] ag teacht agus dranntán ceoil aige Shíl sé gurabhé a chomráduidhe a bhí ann, agus nuair d'amharc sé amach d'aithin sé nár dheagh-rud a bhí ann. Thug sé iarraidh ar bhraon uisce
coisreactha a bhí istoigh i gclósacht bheag aige agus chraith sé ar an droch-rud é. Thionntaigh sé an droch-rud uaidh giota agus
níor bhfada gur mhothuigh sé an dranntán ag tarraingt air arais bhar(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 94