School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 239
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sceal.Bhi sin ann agus is fada ó bhí. Bhí Rí ann uair amháin agus lá amháin bhi sé amuigh ag marcuidheacht sa choill. Shil sé gur mhothuigh sé caoineadh sa choill. Léim sé d'á chapall agus thug seanbhean a shúile. Bhí sí i gcoirneál na coilleadh agus í ceangailte se chrann mhór. Tharraing sé air a chlaidheamh agus ghéarr sé na rópaí a bhí thart uirthe. "De thairbhe sin," arsa an t-seanbhean, "Déanfaidh mise rud éiginteacht duit-se. Bhearfaidh mé pronntanas duit nach bhfuair tú a léitheid ariamh roimhe." Maith go leor," arsa an Rí, "tcífidh mé thí i mbárach.
Ar maidin la thar na bhárach chuaidh an Ri fhad leis an t-seanmhnaoi airíst agus thainig sí amach i n-a arraicis agus bascóid leithe agus iasg ann. D'iarr sí air é a ithe agus nach mbéadh aon fhocal a labhairfeadh beathach ar an domhan nach dtuigfead sé é. Bhí luchgháir mhór air roimhe an phronntanas dheas. D'fhág sé slán agus beannacht ag an t-seanmhnaoi agus tharraing ar a'bhaile. Nuair a shroich se an baile d'iarr sé ar a chuid searbhfoghantaidhthe an t-iasg a dhéanadh réidh dó. Bhi fear amháin ann arbh'ainm do Éiric agus sé sin an fear a chuaidn a gcionn an éisc. Thug an Rí órdughadh do seo é bheith cinnte gan an t-iasg a bhlasadh nó a chuid mear a leighe i n-a dhiaidh. Gheall an searbhfoghanta sin dó. Bhruith sé a t-iasg agus nuair a bhi sé réidh aige dar leis go mblasfad(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall