Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “An Píobaire Sí”
  4. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    féin agus thúsaigh sé a dheánadh poitín sa bhaile. Lá amháin bhí sé ar shiubhail agus d'fág sé trí baraillí ar oibriughadh ann a theach. Le sin tigidh an t-arm dearg isteach. Sgannraigh a bhean agus a chlann, shil siad go rabh réidh. Nuair a thainig an t-arm isteach chun toighe bhí trí bearaigh i n-a luighe ag cagnadh an áit a rabh na trí baraillí D'imthigh an t-arm leobhtha agus bhí na trí baraillí aríst i áit na mbearach. Fhad agus bhí an fear beo níor chuir an toirneamh airm buaidhreadh air. Bhí ach uile nidh ag éirigh leis fhad agus a bhí sé beo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Siodh Sceul
    Bhí bean i n-a comnuidhe ar an Cheapaigh aon uair amháin agus lá amháin tigidh bean bhocht isteach ionnsoirthí. a rabh páiste léithe ar bhacán a láimhe aice. D'iarr sí braon bainne uirthe a bheirfead sí d'a páiste. Dubhairt an bhean léithe nach rabh morán bainne aice ins an teach. "Tá fhios agam nach bhfuil," arsa an bhean "acht tá braon beag i n-a dhiaidh sin agat. Dá mbéadh fhios agat an mhaith a rinne mé ort bhéarfa-sa an leath damh." Déirigh bean an toighe agus thug sí díthe braon de'n bhainne. Dubhairt an bhean bhocht léithe, "Tá seal goirid ó shoin shábhail mé d'fhear ar a' bháthadh ar a' Charraigín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac m Briartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall