Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá screig thuas i mbarr ghlinn Mhálanna a dtugtar Screig a Chuallaidh oirthi. Bhí fear ina chomhnuidhe ag Bun na Screige a dtugadh siad Eoghainín na Screige air. Ní rabh ag Eoghainín acht aon bhó amhain. Lá amhain nuair a bhí an bhó seo ag ithe thuas ar bharr na Screige thuit sí leis an screig agus marbhadh í. D’feann Eoghainín í agus shaill í i dtuban i gcúl a toighe.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Lá amhain indiaidh sin bhí Eoghainín indhiaidh caorach. Bhí ceo trom ann, acht nuair a bhí sé ag tarraingt ar an bhaile, goide tcí sé ag ingilt ag bun na screige acht an bhó bhán a chaill sé. Reath sé go tapaidh agus go díreach nuair a bhí sé ag teacht comhgarach dí isteach leithí sa screig agus fuair Eoghainín greim rubaill oirthi agus tharraing sí isteach ‘sa screig é.
Nuair a chuaidh sé isteach annsin bhí seomra galanta ann, agus sean-duine ina shuidhe chois na teineadh. “Goide do gnaithe annso” arsan fear. “Tá mé ag iarraidh mo bhó” arsa Eoghainín. “Gheobhaidh tu do bhó” arsa an fear nuair a bhéirfeas tusa arais mo ghair mathair atá saillte ‘sa tuban i gcúl a toighe agat”. Nuair a cualaidh Eoghainín seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cannain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall