Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fuireann Seáin O’Casaide as Málainnbheag tráthnóna amhain go mall ag tógbailt cliabh-ghliomach. Bhí said ag iasgaireacht sgadan go luath ‘sa lá agus fuair said lucht mór, agus d’fág sin iad mall ag dul fhad leis na cléibh gliomaigh ins an trathnóna.
Bhí na cleibh curtha thart fá Chladach an Duilisc agus b’fada an giota sin suas ó Uaig Mhálannabige. Ar aon dhoigh nuair a bhi said ag tógbhail na gcléibh chuala said an seinm thuas ins an ált os a gceann.
D’amharc said suas agus go díreach ar Dhroichead Fhar-a-Bhuin bhí píobaire beag ruadh ‘na shuidhe ag seinim ar na píoba.
Bhí Seán O’h-Aoine ag tógbailt an chliabh d’eireannach, agus chaith sé an graiplín uaidh, agus arsa seisean “Deánaigidh ar an bhaile comh thiugh gear a’s thig libh a fheara”. Rinne said sin agus ní rabh ann go rabh said i n-am. D’éirigh an fhairrge agus dá bhfanfhad said leis an cliabh dheirinneac a thógbhail ní shroicfeadh said talamh [?] coidhche, nó níor tógadh an cliabh ariamh ina dhiaidh sin.
Bhí seinim an phíobaire i gcomhnuidhe ‘na chomhartha dhomeanna ar an fairrge, ag iasgairí Mhálannabige.- Faisnéiseoir
- Seaghan Ua g Fionnalaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall