School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 60
- XML “An Táilliúr Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann ‘s is fad’ ó bhí. Bhí baintreabhach mná ann agus ní rabh fhios a cuid ullmhachais aicí (a cuid saidhbris).
Bhí cliú mí thrócaireach, neamh thuilleamhar bhródamhail aicí fosta. Bhí taobh tire de thalamh aicí agus dhá chaislean toighthe. Bhí dhá mhac aicí agus phiocfá amach as cruinniú iad ar a mbréaghthacht, acht bhí go maith ‘as ní rabh go h-olc, nuair a bhí an fear b’óige aca naoí mbliadhan déag d’aois thuit sé i ngrádh le ingean “coiteora” a bhí ‘san comhursanacht acu agus leoga níorbh leas ainm cailín bréagh oirthí.
Thainig sé lá amhain fhad le ‘na mhathair agus arsa seisean léithe “A mhathair tá súil agam posadh gan mhoill” “Bal” arsa’n mhathair. “Níl docair annsin”. “Ma thaitnigheann do bhean mise béidh dóigh mhaith ort le do shaoghal”.
“Bfuil dochair fiafruigh cia adhbhar na mnaoí”. “Níl maise leóga” arsa seisean. “’Sí nighean na coiteóra seo thoir í”. “Tcím”, arsa’n mhathair go bhfuil tú a gabhail a náiriughadh an méid a thainig romhat”. “Och ‘bhal’ arsa seisean ní shaoilim fhéin sin”. Ma phósann tú í arsa’n mhathair ní thabharfaidh mé duit acht sciobal atá thoir annsin le dul a chomhnuidhe ann, agus scilling amhain de mo airgid ghach seáchtmhain”. “Is Cuma liom arsa’n mac”. “Nuair a bheidheas inghean an coiteóra agamsa ní bhéidh aon chaill orm”.
Pósadh an lánamhan agus thug sé leis chun na sciobal í le dul a chomhnuide ann, agus ma thug fhein ba bheag an éadál scilling aige le dul i gcionn an t-saoghail leis. Bhí sé ag obair thall agus abhos a’ saotrú lá beag páighe(continues on next page)- Informant
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall