Scoil: Mín an Aodhaire (uimhir rolla 12021)
- Suíomh:
- Mín an Aoire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seaghan Ó Coinnigeáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is deas an áit cómhnuidhe Cois Abhainn a tSrath Buidhe
Ó sin go dtí an áit a mbíonn gradh geal mo croidhe
Tá do ghlórach tráthnóna ag tógadh mo chroidhe
Go bhfeicidh mé i gcoiste tú posta ar do mhianBhile tá an craobh leat is ní baoghal duit a coidhch'
Mac-a-samhailt do chéile níl aon fear faoi'n righ
Le maise, le féile, lé sgéimh ar an eile dhóig
Is nach ro-deas an féirín bruach an tSléibhe go dtíA mbéidhinn-se mar an t-éan beag d'eirigeann le gaoith
Beidhinn ag éirig ar na géagaibh is ag gealach an oidhch'
Beidhinn ag ísliughadh a's ag árduigadh mar an t-éan beag an Cuac
Nó go dtéidhinn 'na h-áite a bhfuil gradh geal mo croidhe'Sí Una Geal Mhóra is í leonadh mo chroidhe
Ag éisteacht le n-a trathnóna agus oidhch'
D'Imthigh tú leis an óige agus d'fhág tú mé faraoir
Agus mar tiocfadh ao ban ar sléibhe tá mé leat a choidhch'- Bailitheoir
- Seaghan Ó Coinnigeáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall