Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 489
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Ar son a Mháthair: Ceall an Spáinighe”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chan fhuil na ballaí comh láidir danigean is bhíodh ins na sean-cheallaibh no com árd leis an ceallaibh úra. Chá rabh sé ró-ghalanta. Bhi ceann tuighe air agus fuinneoga coitchionna mar bhéadh an teach-comhnuidhe. Is furus thuighbheal an fath go rabh seo amhlaidh. Bhi cosg ar an creidheamh Catoiliceach san ochtmhadh aois deag. Is iomhda leach ar réidh shléibte no i ngleann iargcúltach ar a dtugtar go dtí an lá indiú " Leach an Aifrinn" Dá thairbhe í bheith 'na leic-altóra ann aimsear na ndlighthe píonasach, nuair bhí an sagart féin ar a sheachnadh agus duais airgid le fághail ag an té ghabhfadh é nó bhainfeadh a cheann de. Nior ba dhlisdineacht do Chatoilicibh tighthe phobail do thógbháil agus nuair do thoisigh siad 'sa' deireadh tighthe pobhail do thógbhail i ngan fhios mar deirfeá, do na dlighthibh, chá deárn siad galanta no árd iad ar eagla go mbéadh ead ar lucht an ghaill chreidimh agus go leagadh siad tigthe pobail na Caitiliceach mar bhí sé 'na gcuinnas gheánamh go dearbhtha chá deachaidh na tighthe ísle umhla seo féin as i i gcomhnuidhe ná is iomhda ceann aca cuireadh le teinidh anuas go dtí an bhliadhain 1798 fhéin. Tugadh "Dógh-Phobail" mar leas-ainim ar fear de na "yeos" seort saighdúirí do bhí ann an uair sin mar gheall ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Ceanaim
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tAragal, Co. Dhún na nGall