Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do c'ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Gadaidhe Mhac an Gadaidhe an t-ainm a bhí air. "Bhal" arsa Fionn, "ní bhéidh baint ar bith agam-sa leat ar siocair thú bhéith na Gadaidhe" acht annsin dubhairt an bunadh eile nach rachfhadh siad-san muna dtabhairfheadh sé an gadaidhe leis agus thug sé leis é. Annsin cuir Fead Mhac Fead a mhéar ina bhéal agus leig sé fada agus chualaidh na Fianna é agus dubhairt siad gur sin Fionn agus go rabh tríoblóid éiginteacht air agus thoisigh siad a tharraingt air. Chruinnigh siad uilig chuige agus d'innis Fionn dóbhtha gur cuir Rí na Sasana cuireadh chuca a bhéith tall ar an mheadhon-lae an lá tar na bharach Tugadh cipín bata do Slios Mhac Slios agus rinne sé long de agus bheir Neart Mhac Neart úirthi agus d'fhág sé shios sa chuain í. Annsin chuaidh Éolaidhe Mhac an Éolaidhe ar stiúr inntí agus d'iarr sé ortha uilig bhéith astoigh go sheachmhóir chuaidh siad uilig isteach agus níor stadadar go rabhadar faoi chuairt Rí na Sasana. Tháinig Rí na Sasana amach ina n-airicís agus chuir fáilte croidheamhail romp[a] agus d'iarr sé ar theacht 'un toighe agus dubhairt Fionn nach ndéanfhadh go bhfeicfheadh sé cé aca an curtha an catha an featha nó an féasta agus dubhairt an Rí gur an featha agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Mhaoldomhuaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall