Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcionn cúig bomainte. Dó labhair an caiptín go míomhúinte léite. "Caidé atá 'sa naprún annsin agat" arsa seisean. "Uan beag Uan beag" adubhairt Máthair Íosa. "Uan beag" adeir an caiptín. "Cé'n cainnt sin. Amharc caidé atá in a naprún agus dein deifre" arsa seisean le duine de na sáighdiúirí. Bheir sé ar an naprún gur chráith sé comh garbh sin é s' gur scaol an naprún s' gur thuit uan anuas ag cosa na Mná. Nuair a chonnaic an caiptín an t-uan bheag, mheas sé nach raibh 'san Mnaoi ach bean bocht nach rabh aon faisnéis Aici le tabhairt daobhtha. D'órduigh sé dhá chuid fear gluaiseacht leóbhtha agus chas siad an bealach a bhi ar a dheasach. Dó thóg Mháthair Íosa an t-Uan in a baclainn is thug buaidheachas dó Dhia fá'n miorbhailte a rinne sé agus d'imthigh léite. Ní rabh ach giota beag de'n bealach siubhalta Aici ámh, gur chualaidh sí tormán na sáighdiúirí arís. Chonnaic si crann ag fás ar taoibh an bhealaigh. Chuaidh sí isteach i bhfolach i gcúl na crainn. Go dhíreach nuair a bhí na sáighdiúirí ag dul
thart thoisigh na cruinn ag cráthadh. Bhí croidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peilm Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall