Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 510

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 510

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 510
  3. XML “Scéal - An Mac agus a Mháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an Mháthair ag preabadaigh ar eagla go dtiocfadh na saighdiúirí isteach agus go ngabhfaidís A leanbh. Sheas na sáighdiúirí ar aghaidh na crainn agus bhreathnuigheadar isteach ach sin a ndearnadar. D'órduigh an caiptín daobhtha an bealach a bhuaileadh. Leig Máthair Íosa ar shiubhal iad sul a corruig sí. Ag teacht amach ó cúl na crainn díthe dubhairt sí. "D'fhéadfadh sibh a bheith in bhur dtost a fhad is bhí an leanbh Íosa ann bhur measg" Nuair a smaointigh sí go rabh gach contabhairt thart tháinic sí amach agus thoisigh a bhaint giota dé'n bhealach. Bhí sí ag siubhail is ag siubhail léithe go rabh meadhon lae ann, go rabh an grían ag scoilteadh na gcloch; go rabh sí traoighthe tuirseach. Chualaidh sí tórmán arís. Bhí na sáighdiúirí ag teacht arís. Le sin caidé a chonnaic sí síos uaithe ach logán beag agus scaifte fir ag cur síl. Bheannuigh sí a gcuid oibre. Chuaidh sí síos fhad leóbhtha agus d'iarr orra na dtéigheadh sáighdiúirí ar bith thart agus dá gceistníghidís iad. "An bhfacaidh siad bean agus leanbh ag dul thart,"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peilm Ó Dóchartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall