Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 531

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 531

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 531
  3. XML “Scéal - An Bhean Ghlas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad. Thug siad leóbhtha an méid shaidhbhris a tháinig leóbhtha. Thug siad leóbhtha coileach óir agus cearc airgid, agus trí grainíní cruitneachta agus d'imthigh siad leóbhtha. Nuair a bhí siad giota maith ar shiubhal, d'iarr an Bhean Ghlas ar an buachaill amharc ina dhiaidh, d'amharc, agus chonnaic sé cnapán ceó ag teacht. Fá chionn tamaill d'iarr sí amharc na dhiaidh aríst, agus chonnaic sé cnapán teineadh ag teacht. Thug sí an uibh d'on buachaill, agus d'iarr air a cnagadh faoi chíc deise an fhathaigh. Chnag, agus thuit an fathach ins an fhairrge. Tháinig siad isteach go dtí an áit a rinne an buachaill an babhdhún. D'fhág sí slán aige agus d'iarr sé air nuair a thiocfadh sé 'un toighe gan póg a thabhairt do aonduine, dá dtabhairfeadh, nach smaointigheadh sé uirthí sé lá bhán na h-oidhche a fhad is bhéadh sé beó. Bhí mílte failte roimhe sa bhaile, agus ní thug sé póg do aonduine. Acht nuair a bhí sé ina shuidhe go suaimhneas a chois na teineadh, caidé rinne an cú mhór a bhí fríd an teach acht léim a thabhairt suas air, agus phóg a thabhairt dó, agus rinne sé dearmad ar an mhnaoi ghlas, agus roimhe i bhfad bhí sé ag gabháil a phosfadh cailín as an bhaile. Bhí tobair i n-aice leis an toighe agus chuaidh an bhean ghlas suas ar chrann, agus nuair a chuaidh an cailín amuigh fá choinne an t-uisge chonnaic sí an sgáile istoigh sa dtobar, agus shíl sí gurab í a sgáile fhéin a bhí ann, annsin chuaidh an cailín isteach 'un an toighe agus tháinig an cailleach amach, d'amharc sí síos ins an dtobar agus chonnaic sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dóchartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall