Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 530
- XML “Scéal - An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)theacht 'un a bhaile dó-san le cleiteachaibh as a'n éin 'san aer, agus gan dhá cleite a bhaint as éan amháin. Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach ní rabh marbh aige acht an spideóg agus an dreolán. D'iarr sí air teacht chuig a dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosfadh sé biadh ar bith no go gcaillfeadh sé a cheann. Sa deireadh tháinig sé go dtí a dhinneár. Shéid an Bean Glas fideóg agus nuair a bhí an dinneár ithte aige, bhí an tuighe ar sgiobal le cleite as' ach an éan 'san aer. Bhí an tráthnóna fliuch inadhiaidh sin, agus bhí sé ag spaisteóracht thart roimhe an fhathach mór. D'fhiafruigh an fathach nuair a tháinig sé, an dtearn sé an gnaithe sin, agus dubhairt seisean go dtearn. Dubhairt an fathach leis annsin, "Is tú an buachaill is feárr a casadh orm aríamh Chuaidh an fathach isteach 'un an toighe annsin, agus d'fhiafruigh sé de'n Mnaoi Ghlas cad chuigean a rabh an braitlín amuigh ar an charraig sin thall. Dubhairt sí leis gur shíl sí gurab é sin an áit a rabh a chroidhe, agus go bhfliuchfaidhe é. Dubhairt sé léithe narbhé sin an áit a rabh a chroidhe, acht san chrann atá ag fás os coinne an dorais, agus go rabh réithe istoigh i gcroidhe an chrann, agus lacha istoigh i gcroidhe an réithe, agus uibh istoigh i gcroidhe na lachán agus croidhe an fhathaigh istoigh san uibh. Nuair a fuair siad an fathach ar shiubhail, gheárr siad an crann agus mharbh siad an réithe. Nuair a d'fhosgail siad é, d'imthigh an lacha ar éiteóig, agus sgaoil siad é, annsin bhain siad an uibh as an lachán agus d'imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall