Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuartuigh sé síos agus suas, acht ní bhfuair sé tuairisg ar bith ar Seán, mar dhreapuigh sé suas ar chrann árd. D'fhan sé annseo go dtí an oidhche, agus thosaigh sé ar a thuras aráis. Shiubhal sé cúpla uaire, agus nuair a fuair sé tuirseach shuidh sé síos le sgríste a dheánamh. Nuair a d'éirigh sé aráis, chonnaic sé solas beag imeasg na gcrann. Tharraing sé ar an solas sin, mar bhí fhíos aige go rabh teach beag ann, agus bhí an oidhche an fhuar, agus ba mhaith leis, farús na h-oidhche a fhagháil, go dtí an máidín. 'Sa deireadh, tháinig sé go dtí teach beag, agus d'amharc sé isteach ar an fhuinneóg, acht ní fhacaidh sé aon duine istoigh. Annsin d'fhosgail sé an doras, agus chuaidh sé isteach. Chonnaic sé sluagh daoine beaga in a suidhe thart fá'n teinidh bhréagh, agus sean-chapall in luighe ins an clúdaigh. Chuir siad uilig fáilte roimh Seán, agus d'iarr air a bhéith in suidhe. Shuidh sé síos, agus thosaigh siad ag innse scéaltaí. Nuair a bhí siad mar seo cúpla uaire, dubhairt duine aca go rabh an am a bhéith ag gabháil ar shiubhail, acht dubhairt duine eile aca, go rabh an oidhche fuar, agus go mbéadh an capall ag tarraingt ar an teinidh, agus go mbéadh duine a dhíth air. Ins an deireadh, b'éigean do Seán fanacht ins an teach ag an chapall. Nuair a bhí na daoine eile imthighthe, thuit Seán in chodladh, mar bhí sé an tuirseach in dhiaidh an astar. Nuair a mhuscail sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlin Ní Dhóchartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamus Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall