School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 552

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 552

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 552
  3. XML “Seán Ó Baoghall ag Iarraidh Seirbhíse”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuartuigh sé síos agus suas, acht ní bhfuair sé tuairisg ar bith ar Seán, mar dhreapuigh sé suas ar chrann árd. D'fhan sé annseo go dtí an oidhche, agus thosaigh sé ar a thuras aráis. Shiubhal sé cúpla uaire, agus nuair a fuair sé tuirseach shuidh sé síos le sgríste a dheánamh. Nuair a d'éirigh sé aráis, chonnaic sé solas beag imeasg na gcrann. Tharraing sé ar an solas sin, mar bhí fhíos aige go rabh teach beag ann, agus bhí an oidhche an fhuar, agus ba mhaith leis, farús na h-oidhche a fhagháil, go dtí an máidín. 'Sa deireadh, tháinig sé go dtí teach beag, agus d'amharc sé isteach ar an fhuinneóg, acht ní fhacaidh sé aon duine istoigh. Annsin d'fhosgail sé an doras, agus chuaidh sé isteach. Chonnaic sé sluagh daoine beaga in a suidhe thart fá'n teinidh bhréagh, agus sean-chapall in luighe ins an clúdaigh. Chuir siad uilig fáilte roimh Seán, agus d'iarr air a bhéith in suidhe. Shuidh sé síos, agus thosaigh siad ag innse scéaltaí. Nuair a bhí siad mar seo cúpla uaire, dubhairt duine aca go rabh an am a bhéith ag gabháil ar shiubhail, acht dubhairt duine eile aca, go rabh an oidhche fuar, agus go mbéadh an capall ag tarraingt ar an teinidh, agus go mbéadh duine a dhíth air. Ins an deireadh, b'éigean do Seán fanacht ins an teach ag an chapall. Nuair a bhí na daoine eile imthighthe, thuit Seán in chodladh, mar bhí sé an tuirseach in dhiaidh an astar. Nuair a mhuscail sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlin Ní Dhóchartaigh
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Srath Laoill, Co. Donegal
    Informant
    Seamus Mac Niallghuis
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Srath Laoill, Co. Donegal