Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 616

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 616

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 616
  3. XML “Iascaire Beag a Bhí i mBéal Átha Seanaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair bhéas sé bliadhain as fiche bhearfaidh mé do sháith le do shaoghal dhuit." "Níl fhios agam sin go d-téidhidh mé abhaile fhad le mo bhean." Cuaidh sé abhaile agus d'innis sé an sgéal duithe. dubhairt sí nár mháith léithe sgaramhaint le duine ar bhith aca. Chuaidh sé síos 'na fairrge an máidín lá ar na bharach agus d'innis sé a sgéal do'n Máighdeain Mara. "Bhal", arsa sise, "is goirid go rabh mac óg agaibh agus ma bheir sibh an mac sin domh nuair a bheas sé bliadhain as fiche béarfaidh mé do sháith le do shaoghal dhuit. Níl fios agam sin go d-téigidh mé abhais fhad le mo bhean. Chuaidh sé abhaile agus d'innis an sgéal duithe. dubhairt sé rud nach b'faca sé nach rabh oiread cúram aici fa d taobh de.
    Ba ghoirid na go raibh mac óg aca, nuair a bhí an mac seo ag tarraingt ar bliadhain as fiche, an uile uair a thigeadh sé asteach un toighe theighead an t-athair agus an mhathair ag caoineadh. Thainig sé asteach lá amháin agus d'fiafruigh sé daobhtha cad chui a rabh sé ag caoineadh. Dubhairt an t-athair creidim go rabh sé comh maith an sgéal a innse do. D'innis an mháthair do go rabh sé le tabhairt do'n Maighdean Mara nuair a bheadh sé bliadhain agus fiche. Na cúireadh sin buaidreadh ar bith orráibh arsa seisean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tréasa Nic Aulaoidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Bogagh, Co. Dhún na nGall