Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 301
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Camus Binne bíos ag seinim ceoltaí...”
Amhran é seo a fuair mé ó bhéal Eibhlín Bean Mhic Chonaill- baintreabhach atá na cómhnaidh go fóill i leachChonaill. Eibhlín Nic Aoidh ab ainm dí doimh a pósta. Measann sí go bhfuil sí fa thuairim trí scór agus cúig bliadhna déag de aois. Deir sí gur cumadh an tamhran da long a briseadh ar na carraiceacharbh conhgarach den Phort i ngleann Cholum cille fa thuairim trí scó bliadhain o shoin. Deir sí gur chualaidh sí gur bean as Teidhleann a chum an tamhran, ach ní raibh sí in inainh anaim na mná a innse. Bean de fhoireann na loinge a thainic i dúr an scó. Cámus binne bíos ag seinm ceoltaí
Bhfuil soicheach an tseoil seo in do lúb?
Mur gheailltí ach duine acu, A Rígh nar leor sin
gan a theacht as scór acu ach beirt i dúr.Is iomaidh árus ó Súiligh Ghránnda
Ó Lighthouse Mhálainn go dúir Cámus mór
Bhí gaoch tuaigh ann agus saoisú cruaidhe
'gus bualeadh suas iad ar an Chámus mhór.Da nguidhtí 'n tárdrigh le h-impidh Mháire
ar naoimh pátrún Padraic, 's da n-abrainn pól
go bhfuigheadh siad a bpárdun le cumrigh Mháire
's go mbéadh siad sásta ach a gcur ar dhóigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Nellie Bheag (ainm áitiúil)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall