Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean amhran Gaedhilge - Maidin Fhoghmhair.
I
Maidin fhoghmhair ‘s mo thriall go Fóchaird
Cé tharla sa ród orm ach stóir mo chroidh
Ba deirge a gruaidh nó na caora caorthain
‘S ba bhinne a glór nó na ceolta sídhe
II
Leag mé mo lámh ar a brollach ro dheas
‘S diarr mé póg uirthí - stóir mo chroidh
Sé dubhairt sí - “stop agus na stróc mo chlóca
Tá fios do nósain ag bean a tighe”
III
Chuirfinn high coll caps ort den fháisiún ro dheas
Hata agus clóca agus gúna buidhe
Cellars fosgailte dén fíon agus den rós
‘S do leanbh ro dheas ag siubhal a tighe.
IV
Thug mé liom í go Bruach na Bóinne
Geall an phósta go dtug mé dí
Bhain mé póg dí ‘s ba gheal le h-ór í
‘S sgaoil mé ‘n bothar lé na bhaile arís.
V
Ca bhfuil a’ féirín a gheall tú indé damh
‘gcúl na gcraobhach ar dhath an óir
Ribíní dearga ar dhath na spéire
Agus marcuigheacht aerach na bhaile mhóir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Nic Grianna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nellie Bean Mhic Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall