Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 352
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is mairig dó a bhéas gan caraid
A’s é na luighe ar leabaidh ‘n báis
A dhuine bhoicht gan chéill
Na deán bréag le muire
Na h-ith feoil ar an cheadaoine
Agus na h-éagain do thinneas
Úmhlaigh do’n chléir
Agus do na cúig méilte múire.
Glac Coimíneacha glana Dé
As béidh tú ar féasta
Ag Crois na h-aingeal.
Bhí Muire agus a Mac
Ag siubhal amuigh sa lá
Casadh daobhtha an pearsa beannuighthe
Mar bhí Simon a’s an Róimh
Shín sí as a deas láimh chuige
Sgaball bréagh na mbrainnsí óir
“Níl aon nduine”, ar sise leis.
“A chaitheas m’ éideadh mar is cóir
Nach mbéidh séala agam
Ar a anam ins an ghlóir”.
Líon mo chroidh lán de’n aithrighe
Nigh mó lámha ó smál an pheacaigh
Mhaighdean ghlórmhar, a’s mó stór
Mo lón, mo thaisgidh, is tú ‘n réalt eolais
A bhéas rómham ins an chasan
Mo chur ar an eolas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Frank Shéamuis
- Ainmneacha eile
- Bean Frank Shéamuis (ainm áitiúil)
- Máire Nic Aodh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall