Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 365
- XML “Seanamhrán Gaeilge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán Gaeilge
“Fágail geafhtaí Dhoire dúinn”
Sean amhran Gaedhilge.
Fágail geafhtaí Dhoire dúinn
Is linne bhí an chóir
Bhí an ghaoth teacht anoir orainn
Agus an fhairrge bhí mór
Casadh fódaí mire dúinn
Mo chreach a’s mo chrá
Siad d’fhág ar an Charraic Fhada sinn
Ag bab an mhulaigh mhóir.
II
Déirigh Eoghan Mac Néill na sheasamh
Na sheasamh ins an loing
Deirfea gurbh é an malé é
Na an captaoin a bhí os ar gcionn.
Scairt sé linn faithcheilt a thabhairt
Ar an dóigh a dtainic an tonn
Tabhair a theith arais ó’n bharra
A’s béidh an chóir ar chál ar gcinn.
III
D’éirigh muid go luath, luath.
Agus ghluais muid go mall
Thóg muid ar seoltaí
Is faraor ní theachaidh linn
Ag gabhail suas ag an Charraic Fhada
Thainic briseadh ar an long
Nuair a scairt na coiligh ‘réir
Rinneadh céad cuid den loing.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Nic Grianna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall