Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 385

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 385

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 385
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Shiubhail siad leo go dtí go dtainic siad fhad le abhainn. Diarr an fear ar an gearran a dhul treasna na h-abhna. Ní rachadh an gearran treasna do. Thuirling an fear agus an cailín anuas den ghearran agus sgaoil an fear urchar leis an ghearran agus mharbh sé é.
    Shiúbhail siad leo annsin go dtainic siad go dtí an teach. Posadh an fear agus an cailín lá ar na mhárach. Bhí eagla mhór ar an chailín roimh an fhir, agus bhí sí ag deánadh gach uile rud do n-iarrfad sé oirthi a dheánadh.
    Lá amháin thainic athair na gcailín go dtí an teach a rabh an nighean fhallsa posta ann. D’fhiafruigh an t-athair den fhear an rabh an bhean óg ag obair go maith do. Dubhairt an fear go rabh, nach rabh bean oibre sa tír a b’fhearr na í. Nuair a chualaidh an t-athair seo bhí lúthghair air. Dubhairt sé go ndeánfad sé féasta fa choinne an tseachtar acu.
    Thainic an séisear deirbhshiurach eile agus a gcuid fear go dtí an féasta. Bhí féasta bréagh acu. Bhí toghadh gach bidh agus rogha gach dighe ann. Tar éis an dínneara a bheith thart bhí na fir uilig sa chistinigh agus na mná uilig sa t-seomra.
    Chuir an t-athair suas míle punnta le tabhairt don bhean a ba ghaiste a thiocfad aníos as an t-seomra nuair a sgairteadh an fear uirthi. Sgairt na fir eile da réir duine agus duine ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0901: Taming of the Shrew
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Baoighill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall