Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 393
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal.
Am amháin bhí muinntear Arain Mhóir ag cailleadh iomlan a gcuid éanlaith. Ní rabh fhios acu caidé bhí ag teacht arthu.
Oidhche amháin shuidh muinntear an oilein, agus i lár na h-oidhche thainic an madadh ruadh. Fuair sé imtheacht orthu an oidhche seo agus cuid den éanlaith leis.
An oidhche na mhárach fuair siad na madaidh a b’fheárr da rabh ar an oilean, agus shuidh siad an oidhche seo le coimhead arais. Thainic an madadh ruadh ag ruacach ar an éanlaith, agus sgaoileadh tóir na madadh na dhiaidh. Chuaidh an madadh ruadh amach le ált os cionn na fairrge, agus shíl siad go rabh siad reidh le na bhuaidhreadh, no go rabh sé báidhte.
Ach an oidhche na dhiaidh sin arais thainic an madadh ruadh agus rinn creach eile ar an éanlaith. Bhí seanduine amháin ar an oilean, agus dubhairt sé cé gur chríonna glic an madadh ruadh- “béidh mise ion churtha leis”.
Thug an seanduine leis bád agus chuaidh sé amach ar an fhairrge agus d’fhan sé faoi’n ailt. An oidhche chéadna seo thainic an madadh ruadh arais. Bhí na daoine da choimhead agus d’imthigh an tóir na dhiaidh ag na madaidh. Chuaidh an madadh ruadh amach leis an ált, ach nuair a bhí sé ag tuitim fuair sé greim ar chrann beagn coilein a bhí ag fás amach as taobh an ailt, le na bhéal, agus chrom isteach sa bhrocaigh a bhí go díreach ag taobh an tom coilein.
Dimthigh an seanduine agus fuair sé seath agus gheárr sé an tom coilein ach rud beag, agus dfhág an tom na shuidhe ag béal na brocadh mar bhí sé.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhaoighill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Dhún na nGall