Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Bhéigin dam”, arsa Proinsias. I bhfad ní ba mhó cochain a thabhairt dithe annsin na ghoid mé uaithe”.
Ba nighean deartharach do Mháire Aindreis ab í Máire Ruadh. Bean Mháirtín Harrison - ar ar thracht mé cheanna féin. Bhí ortha an dubhragain aicí, agus le na chois sin bhí geasrogaí eile aicí fosta. Sul ar pósadh í féin agus Máirtín. Ní rabh cinnteacht aicí caiden rún a bhí ag Máirtín. Thainic sé ‘un tighe ar cuairt chuicí oidhche amháin ach dimthigh sé arais.
Dubhairt Proinsias Ó’Gallachobhair leithe la ar na mhárach go rabh sí réidh leis mar Mháirtín.
“Ó níl”, ar sise. “Tiocfaidh sé arais. Chuir mé snathad mhór in a chóta, agus caithfidh sé theacht arais”.
Thainic sé, agus pósadh iad.
Fuair sí bás in 1921, agus fuair Máirtín Harrison bás in Aibrean 1922.Séamus Mac Grianra, 2adh Feabhra, 1938.
Fuair mé an seanachus seo ag Proinsias Ó’Gallachobhair a bhí na chomhnuidh i Leac Chonail- rith a shaoghail - agus a fuair bás fa shamhain 1924. Bhí sé suas le 90 bliadhna de aois.- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinsias Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall