Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 413
- XML “Seanscéal Gaeilge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcarraigeach a dtugadh siad an “Siorriam Mór” mar ainm air. Bhí sé chomh trom agus go nglacfadh sé seisear fear le na thógáil nó oibreadh leis.
Tugadh an “Siorriam Mór” annsoir Chrochar Bheag. Bheir sé air. Chuir sé treasna ar a ghlún é agus bhain lúbadh beag as ach, nuair a chonnaic sé nach rabh níos fearr le fághail, dhírigh sé é arais agus d’éirigh sé na sheasamh lena chuideadh. Thug a athair sgilling do le na bhealach a dhíol giota. Chuaidh sé amach. Chraith sé é féin, agus chraith sé trí pheice luath amach as a chuid bratogaí éadaigh.Chuaigh sé a bhealaigh mhóir agus shiúbhail sé leis go dtainic sé go teach ósda. Chuaidh sé isteach agus d’ól sé gloine biotailte, agus chonnaiceas dó gur chuir an bhiotailte misneach mhór ann. Shín sé leis annsin, agus nuair a bhí an oidhche ag tuitim thainic sé a fhad le teach fearmora. Bhuail sé ag an doras. D’fhiafruigh an fearamor de caide a bhí dhith air. Dubhairt Crochar Beag go rabh sé ag cuartú oibre.
“Caide an obair a thig leat a dheánadh?” arsa an fearamor.
“Rud ar bith dá dtearn fear riamh agus níos mó ná a rinne mórán de na fir atá ann anois,” arsa Crochar Beag.
“Maith go leor,” arsa an fearamor, “tá buachaill seirbhis a dhith ormsa, agus má bhíonn tú bréagh úmhal agus maith ag obair b’fhéidir go gcoinneochainn thú. Bhéirfidh mé fiachailt duit ar chaoi ar bith.”
Dubhairt Crochar Beag go raibh ocras air agus thug an maighisteir ordú do chailín a bhí ann biadh a chur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tarlach Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall