Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 435
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr buachaillí ar an bhaile seo am amháin, agus ba mhian le dul un Oileain Úir, ach ní raibh airgead ar bith acu le na mbealach a dhíol, ach bhí siad cliste gasta, agus bhí misneach acu go rachadh acu an bealach a dheánadh gan airgead. Ba iad na h-ainmneacha a bhí orthu Séamus Mhac a Ghoill, Padraic Ó Lochlainn agus Tadhg Ó Gallachobhair. Shocraigh siad go siubhailfeadh siad comh fada le Doire. Ní rabh traen no motair ag rachaidh an uair sin mar atá anois. Dá bhfuigheadh siad fhad le Doire bhí dúil acu fiachailt le faghail ar shoitheach a bheirfeadh un Oileáin Úir iad.Maidin bhréagh aoibhinn shamhraidh d’fhág siad slán ag a mbaile agus ag a mbunadh- agus d’imigh- da réir chosamhlachta le croidh éadtrom aerach agus barr ucdaighthe le na mbeatha a shaothradh i measg na gcoimhthigh, gan pighinn in a bpócaí. Shiubhail siad leo go rabh an neoin bheag agus deireadh an lae ann, agus le coim na hoidhche thainic siad comh fada le Baile Féidh. Shocruigh siad go mbfeárr dobhtha lóisdín a ghlacadh ar feadh na h-oidhche.
“Caithifidh mid cleas a imirt le lóisdín a fhághail in easgaidh,” arsa Séamus Mhac a Ghoill, “agus seo mar a oibreos muid an cleas.”
Agus mhínigh sé don bheirt eile mar bhí rún aige deánadh. agus nuair a chualaidh siad an chaoi a bhí leagtha amach aige, gháir siad, agus ghread a mbosa agus dubhairt le chéile gur boc ealadhanta glic Séamus Mhac a Ghoill gan amhras ar bith. Ansin shiubhail siad isteach go teach ósda agus d’fhiafruigh Séamus do bhean a tighe an dtiocfadh leithe oidhcheacht a thabhairt do thriúr buachaillí mar iadsan. D’fhreagair sí nach rabh a fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Nic Grianna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tarlach Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall