Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Bhealaigh
- XML Leathanach 79
- XML “Leabaidh Dhiarmuda”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Gráine agus Diarmuid ar a seachnadh agus Fionn dá gcuartughadh, 'siomaidh áit a chaith siad oidhche agus lá. Tá uaimh ar thaobh an chnuic sa Ruadhchró i paráiste na gCeall a dtugtar Leabaidh Dhiarmuda uirre, agus deirtear gur chaith siad seal tamaill san uaimh seo.Bhí siadsan ag imtheacht ó áit go háit agus Fionn agus dream eile de na Fiannaibh ina ndiaidh. Thiocfadh le Fionn a fháil amach gach maidin cén áit ar chaith siad an oidhche roimhe sin. Bhí an t-eolas sin le fáil aige ó fhiacail eolais a bhí aige. Bhí fhios aca sin fosta. Thug Diarmuid leis mála beag gainmhe ón tráigh agus achan oidhche chuir siad an mála faoin leabaidh. Ba é an t-eolas a bhfuair Fionn gach maidin go raibh siad na luighe ar ghainimh an trágha an oidhche roimhe sin. Shaoil seisean siocair sin go raibh siad i bhfolach áit éigin ar imeall na fairrge agus chaith seisean agus a chuid fear ag cuartughadh ins na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Sheibhlin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Gairm bheatha
- Scoláire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ruachruach, Co. Dhún na nGall