Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)

Suíomh:
Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Niallghuis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Bhealaigh
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Scéal Eile fá Thaibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tsean am bhí tighearna talaimh ina chomhnuidhe i Mín na Bhealaigh san áit a bhfuil mise mo chómhnuidhe anois ( Pádraig S. Mac Niallghuis). Bhí sé an chruaidh ar na daoine thart. Ní bhfuigheadh siad cead luachair ar bith a bhaint san áit gidh go rabh an talamh a bhí aige cumhdaighthe leo. Mharbh sé é féin i dteach eile a bhí aige i mBaile Átha Cliath. Bhí comhnuidhe aige san áit seo, agus tháinig coisde fhad leis an teach oidhche amháin. Do thuinntuigh an coisde ar an t-sráid agus ar shiubhal arais arís. Shaoil bunadh an tighe go rabh an fear uasal é féin ar an choisde agus d'fhosgail siad an dorus le na leigint isteach. Bhí lampa lasta aca ins an halla agus chonnaic siad an fear é féin ina sheasamh taobh amuigh den dorus ar an léana. Nuair a bhí sé tamall gan teacht isteach chuaidh duine éigin chuig an dorus arais ach ní raibh duine ar bith le feiceáil.
    Cúpla lá i ndiaidh sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín na Coilleadh, Co. Dhún na nGall