Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm na scoile- An Ghrafaidh (Graffy), Co. Dhún na nGall.
Scríbhneoir- Róis Éilís Ní Chába
Aithriseoir- Brighid Nic Dáibhid
Múinteoir- Proinnsias Ua BraonáinMac an Dálaigh agus An Fear Beag Ribeach RuadhBhí sin ann i bhfad o shoin agus is fad ó shóin á bhí. Da mbéinnse ann an uair sin ní bhéinn ann anois. Bhí fear do na Dálaigh 'na chómhnuidhe thall ar a' mhín i nDruim-chun-chuis. Bhí ceárrta ag an duine seo agus bhí a mhac agus dhá chailligh mhuinntreach sa teach aige. Níor fhoghlum an mac an doigh le daduidh a dheánamh sa cheárrta nó shíl sé go mbéadh an t-athár aige i gcómhnuidhe le bheith ag saothrughadh airgid do-san ach mhaige ní rabh. Thainig an lá agus b'éigin dó féin deánadh ar a shon féin agus bhí sé buadhartha annsin nár fhóghlum se an chéird i dtoiseach a shaoighil. Deir an sean-fhocal 'ní hé lá na gaoithe lá na sgolb' agus badh é sin aig'sean é ba chóir do a cheird a bheith fóghlumnaighthe aige. Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtáinig an fear beag ribeach ruadh chuige lá amáin agus capall bán leis. D'iarr sé ar mhac an Dálaigh cruitheacha a chur ar an capall do ach dubhairt mac an Dalaigh na dtiocfadh leis ach go dtabharfadh sé iasacht na ceárrta do. Rug an fear beag ribeach ruadh ar an sgin agus sceall na ceithre cosa de'n chapall agus sháidh 'sa teinidh iad. Nuair a Lth 476(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Dáibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall