Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 503
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí sin ann agus is fada a bhí thriúr dearbhráthair ann uair amhain. Lá amhain rinne siad amach go racadh siad go Meiriceá Ní raibh pighinn ar a d-tús no ar a ndeireadh. Rinne siad amach go racadh siad ar sgor ar bith. Dimthigh siad ag tarraingt ar Bealachféidh. Nuair a shroith siad siad Bealachféidh cuaidh siad isteach go dtí an teach-osta i bfearr a bhí ann d’iarr siad loistín agus fuais siad sin. Ar maidin lá thar na bharach bhí siad na suidhe ag an teinidh. Bhí an máighistreas ag bogadaidh thart agus í ag fanacht ar fad le iad diol ar son an loistín. Sa deireadh déirigh an fear ba shinne agus ars seisean, diolfaidh mise ar son mar triúr. Ní dhiolfaidh acht diolfaidh mise ars an darna fear. Déirigh an fear i b-óige i n-áirde agus dubhairt sé go ndiolfadh seisean. Bhí siad ag cainnt leobhtha mar seo agus ní thiocfadh roinn leobhtha. Ars an fear is sinne leis an mháighistreas annsin ní thig linn dadaigh a dheanamh acht dallog a cuir ortsa agus ca bith duine againne a geobhthas tusa greim air sin an fear a caithfeas díol. Rinneadh seo agus cuireadh an dallog air a bhean. Bhí sise ag siubhal thart(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Ludhóg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Ludhóg
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall