Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 9
- XML “Tobar i Srath na gCapóg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí taobh amuigh de' doras. Rinne sé sin leis an chloch mhóir agus briseadh in a dhá leith í agus tháinig a dhearbhrathair amach as agus d'éirigh sé in a sheasamh. Chuimil sé de na clocha beaga é agus tháinig an cú, an beathach, agus an seabhach amach asta.
Chuaidh sé isteach annsin agus mharbhuigh sé an chailleach. D'amharc siad fríd an chaisleán agus bhí achan rud ní b'fhearr na a chéile ann. Chuaidh siad 'na stábla agus bhí fiche beathach capall ann agus achan ceann acu ní b'fhearr na a chéile. Chuaidh siad isteach san bhorthaigh agus bhí fiche ba ann agus gach ceann acu ní b'fhearr na a chéile. Tháinig siad abhaile annsin agus thug siad leo an t-athair agus an mháthair. Tá siad beó san chaisleán ó'n lá sin go dtí an lá indiú.
(Tá an tobar le feiceáil i Sráth na gCopóg go fóill, é rud beag isteach ó'n bhealach mór ar thaoibh do láimhe deise duit agus tú ag tarraingt ar an Droichead Dearg; leath-bhealaigh suas ar an mhullach deireannach in aice le teach Pheadair Mhic Shuibhne, in a fheirm. Tá tréan uisge ann i gcomhnuidhe acht ní bhaintear as é.)- Bailitheoir
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máighread Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall