Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    A d'agar-sé tháinig mé Néill

    I.
    A d'agar-se tháinig mé Néill.
    Go gcúirfea dámh gléas ar spáid.
    Leasadh a chur ar a béal.
    Bheadh milis glan géar ins an lán.
    Go ngéaradh sé cloch agus cre.
    A's na crainn atá ar thaobh a Mháis.
    Go ndéarfadh gach duine gur saghadh.
    A's nach bhfeicfidhe a léithead go bráth.
    II.
    Saoghal bréagh fada le séimh.
    Go bhfág tusa Niall a ghrádh.
    Aoibhneas le chois a bheith saoghalach.
    Flaitheas na Naomh go b'fáigh.
    Gheobhaidh tusa bean a mbéidh spréidh léithe.
    Dá chlannaibh na n-Gaedheal is feárr.
    Agus í mar bhéadh, Sinead le sgéimh.
    Thug Pádraig Sheáin Ghréig a bárr.

    III.
    Is tú dhéanfadh muilleann leat fhéin.
    A chaisleán a' théidh 's an bád.
    Na luingis ba ghaiste na an ghaoith.
    A bhearfadh go h-Éireann tráigh.
    Na baistseanna is deise faoí an ghréin.
    Ar chumadh na réalta bán.
    Is na cloighne dean bomaite bhréigh
    Agus mo sheacht n-anam deag do lámh.
    Ó Bhrígid Ní Lúdhog, na Molacha, na Gleanntaí a fuaras an t-amhrán seo, 64bl. a h-aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brígid Ní Lúdhog
    Inscne
    Baineann
    Aois
    64